7.1.2. Ord liostaithe na dtíortha
Tá ord an liostaithe éagsúil do na Ballstáit agus do thíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus freisin i dtéacs agus i dtáblaí.
Ballstáit
An téacs
Liostaítear ainmneacha na mBallstát in ord aibítre a dteanga foinsí (ord prótacail) (féach Pointe 7.1.1).
Táblaí
Scríobhtar ainmneacha na dtíortha i dteanga an fhoilseacháin (Cás A). I roinnt cásanna, áfach, ar chúiseanna teicniúla (tábla singil le haghaidh doiciméad ilteangach) féadtar ainmneacha na dtíortha a scríobh ina dteanga fhoinseach/ina dteangacha foinseacha (Cás B). Sa dá chás araon, liostaítear na Ballstáit de réir an oird prótacail.
| Ballstát | Dáta sínithe | Dáta cur i bhfeidhm |
|---|---|---|
| an Bheilg | 21.12.1990 | 1.1.1991 |
| an Bhulgáir | 1.2.2007 | 15.2.2007 |
| an tSeicia | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| an Danmhairg | 10.10.1991 | 1.1.1992 |
| an Ghearmáin | 1.9.1990 | 1.1.1991 |
| an Eastóin | 1.9.2005 | 1.1.2006 |
| Éire | 12.12.1990 | 1.1.1991 |
| an Ghréig | 10.10.1990 | 1.1.1991 |
| an Spáinn | 3.2.1991 | 1.6.1991 |
| an Fhrainc | 3.3.1991 | 1.6.1991 |
| an Chróit | 1.1.2013 | 1.7.2013 |
| an Iodáil | 10.10.1991 | 1.1.1992 |
| an Chipir | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| an Laitvia | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| an Liotuáin | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| Lucsamburg | 10.10.1990 | 1.1.1991 |
| an Ungáir | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| Málta | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| an Ísiltír | 11.11.1990 | 1.1.1991 |
| an Ostair | 10.12.1990 | 1.1.1991 |
| an Pholainn | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| an Phortaingéil | 1.3.1991 | 1.6.1991 |
| an Rómáin | 1.2.2007 | 15.2.2007 |
| an tSlóivéin | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| an tSlóvaic | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| an Fhionlainn | 1.2.1991 | 1.6.1991 |
| an tSualainn | 3.3.1991 | 1.1.1992 |
| Ballstát | Dáta sínithe | Dáta cur i bhfeidhm |
|---|---|---|
| Belgique/België | 21.12.1990 | 1.1.1991 |
| България | 1.2.2007 | 15.2.2007 |
| Česko | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| Danmark | 10.10.1991 | 1.1.1992 |
| Deutschland | 1.9.1990 | 1.1.1991 |
| Eesti | 1.9.2005 | 1.1.2006 |
| Éire/Ireland | 12.12.1990 | 1.1.1991 |
| Ελλάδα | 10.10.1990 | 1.1.1991 |
| España | 3.2.1991 | 1.6.1991 |
| France | 3.3.1991 | 1.6.1991 |
| Hrvatska | 1.1.2013 | 1.7.2013 |
| Italia | 10.10.1991 | 1.1.1992 |
| Κύπρος | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| Latvija | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| Lietuva | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| Luxembourg | 10.10.1990 | 1.1.1991 |
| Magyarország | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| Malta | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| Nederland | 11.11.1990 | 1.1.1991 |
| Österreich | 10.12.1990 | 1.1.1991 |
| Polska | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| Portugal | 1.3.1991 | 1.6.1991 |
| România | 1.2.2007 | 15.2.2007 |
| Slovenija | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| Slovensko | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
| Suomi/Finland | 1.2.1991 | 1.6.1991 |
| Sverige | 3.3.1991 | 1.1.1992 |
Tíortha nach Ballstáit iad agus tíortha nach Ballstáit iad in éineacht le Ballstáit
An téacs
I dtéacs ina bhfuil liosta de thíortha nach Ballstáit iad nó liosta de thíortha nach Ballstáit iad in éineacht le Ballstáit, braitheann ord liostaithe na dtíortha ar theanga an fhoilseacháin. I bhfoilseacháin Ghaeilge, úsáidtear ord aibítre na Gaeilge.
An Astráil, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Rómáin, an Spáinn, na Stáit Aontaithe
Táblaí
Ós rud é go bhfuil táblaí le leagan amach ar an gcaoi chéanna do na teangacha uile, ní mór an córas rangaithe céanna a úsáid. Dá bhrí sin liostaítear na tíortha in ord aibítre chóid na dtíortha. Is fearr na cóid seo a chur isteach sa chéad cholún sna táblaí, ionas go bhfuil an rangú soiléir don léitheoir, mar a léirítear thíos.
| Cód tíre | Páirtí conarthach | Táirgeacht (tonnaí) | Daoine fostaithe (1 000) |
|---|---|---|---|
| AT | an Ostair | 50 000 | 75 |
| AU | an Astráil | 70 000 | 120 |
| BE | an Bheilg | 25 500 | 38 |
| CH | an Eilvéis | 12 500 | 15 |
| CN | an tSín | 750 000 | 1 500 |
| DK | an Danmhairg | 22 000 | 40 |
| JP | an tSeapáin | 150 000 | 150 |
| NL | an Ísiltír | 32 000 | 45 |
| NZ | an Nua-Shéalainn | 45 000 | 51 |
| SE | an tSualainn | 10 000 | 15 |
| US | na Stáit Aontaithe | 350 000 | 220 |
Má liostaítear Ballstáit an Aontais Eorpaigh le chéile sa chuid uachtarach den tábla, is de réir an oird prótacail a liostaítear iad (féach Pointe 7.1.1, an chéad tábla).
Sa dara colún, scríobhtar ainmneacha na dtíortha i gcónaí i dteanga an fhoilseacháin. Mura n‑úsáidfear ach na cóid, caithfear iad a mhíniú i ngluais ag tús an fhoilseacháin.
Tar éis di tarraingt siar as an Aontas Eorpach, meastar gur tríú tír cosúil le haon cheann eile í an Ríocht Aontaithe agus nár chóir aon stádas speisialta a thabhairt di. Mar shampla, i ngrafaicí nó i dtáblaí ina liostaítear na Ballstáit agus tíortha de chuid LEE ina ndiaidh agus roinnt tríú tíortha ina dhiaidh sin, áireofar an Ríocht Aontaithe i measc na dtríú tíortha in ord aibítre de réir an chóid ISO.