10.3.3. An t-am
Úsáidtear stad seachas idirstad sa chóras 24 uair an chloig agus sa chóras 12 uair an chloig.
Úsáidtear na réamhfhocail ‘ar’ (seachas ‘ag’), ‘faoi’, agus ‘roimh’ nó ‘tar éis’, ‘ó’ etc., gan an t‑alt:
ar 12.00, faoi 12.00, roimh 12.00, tar éis 12.00, ó 12.00
Úsáidtear an córas 24 uair an chloig nó an córas 12 uair an chloig agus a.m. nó p.m.:
17.30 nó 5.30 p.m. (stad seachas idirstad)
Ná húsáidtear an nialas tosaigh:
9.00 (seachas 09.00)
Más é buille na huaire a bhíonn i gceist, cuirtear isteach an dá nialas do na nóiméid:
12.00 (nó mean lae)
24.00 (nó mean oíche)
Más é an córas 12 uair an chloig atá á úsáid ná cuirtear isteach an dá nialas do na nóiméid:
2 p.m.
2 a chlog
2.30 p.m.