10.3.1. Uimhreacha
Ceadaítear focail nó figiúirí a úsáid le milliúin agus billiúin ach cloítear le córas amháin laistigh den aon téacs amháin.
Úsáidtear ‘Uimh.’ mar leagan giorraithe de ‘Uimhir’ agus ‘Uimhreacha’. Bíonn spás crua idir é agus an figiúr a thagann ina dhiaidh:
Uimh. 3
Uimh. 3 agus 4.
- Leantar an treoir atá i gCaibidil 9 de An Caighdeán Oifigiúil, 2017 do na bunuimhreacha go ginearálta. Féach Iarscríbhinn B maidir leis na bunuimhreacha a scríobh ina bhfigiúirí.
Scríobhtar daichead seachas ceathracha:
Comórfaidh an tArdionadaí cruinniú urghnách den Chomhairle laistigh d'ocht n‑uaire an chloig is daichead.
Uimhreacha nó figiúirí?
Roimh na focail soicind, nóiméad, uair an chloig, lá, seachtain, coicís, mí, ráithe agus bliain, scríobhtar na huimhreacha i bhfigiúirí. Le gach rud eile, mar riail ghinearálta, scríobhtar na huimhreacha óna haon go dtí a naoi i bhfocail agus scríobhtar uimhreacha óna deich ar aghaidh i bhfigiúirí.
Beidh bliain coibhéiseach le 4 ráithe, 12 mhí nó 52 sheachtain
Beidh ráithe coibhéiseach le 3 mhí.
Leantar an pátrún seo i gcás na n‑orduimhreacha freisin:
an naoú duine, an 19ú haois
Má bhíonn uimhir óna haon go dtí a naoi agus uimhir óna deich ar aghaidh ann, scríobhtar iad araon i bhfigiúirí:
Seolfar na figiúirí 7-10 lá oibre tar éis dheireadh gach míosa.
Obair íoctha 3 go 12 mhí a bheidh i gceist.
Úsáidtear figiúirí i réimse an staidrimh, i dtorthaí vótála agus nuair a bíonn sraith uimhreacha á lua mura ndéantar a mhalairt san fhoinse atá á lua (e.g. Cuid a Seacht den Chonradh ar an Aonas Eorpach):
Vótáil 12 thoscaireacht i bhfabhar an togra; vótáil 7 dtoscaireacht ina choinne, agus staon 6 thoscaireacht.
Úsáidtear figiúirí agus cainníochtaí á gcur in iúl:
6 kg, 7 mbliana, 11 mhéadar, 28 000 tona
Úsáidtear figiúirí agus aonaid tomhais á gcur in iúl le siombailí nó le giorrúcháin:
EUR 50, 250 kW, 205 μg, 5 °C
Ceadaítear focail nó figiúirí a úsáid le milliúin agus billiúin (féach Pointe 7.3.3) ach cloítear le córas amháin laistigh den aon téacs amháin
EUR 2 000 000 nó EUR 2 mhilliún
codáin
Ná baintear úsáid as an bhfleiscín nuair a bhíonn codáin á gcur in iúl:
tromlach dhá thrian; sé sheacht
- deachúlacha:
- I réimse an staidrimh, cuireann gach ionad de dheachúlacha le cruinneas, fiú más nialas é. Ní hionann 3.5 % agus 3.50 % ná 3½ %.
- Úsáidtear córas na maoluimhreacha agus uimhreacha deachúla á lua.
Ná déantar infhilleadh ná athrú tosaigh ar ainmfhocal atá ar lorg uimhir dheachúlach, bíodh sí i bhfoirm focal nó figiúirí:
ocht ponc a sé gram
6.3 milliún
5.2 méadar ciúbach
céatadáin:
Úsáidtear córas na maoluimhreacha agus céatadáin á lua. Féach Iarscríbhinn B – Na bunuimhreacha agus céatadáin a scríobh ina bhfigiúirí ).
i 21 %
i bhfiche a haon faoin gcéad
in 18 %
in ocht déag faoin gcéad
Bíonn spás crua roimh an gcomhartha céatadáin (féach Pointe 6.4):
15 %
uimhriú leathanach:
Cuirtear raon leathanach in iúl mar a leanas:
lgh. 7-13, 312-17
lch. 67 ar aghaidh
- Scríobhtar ‘ó 50 go 100’ nó ‘50-100’ ach ná scríobhtar ‘ó 50-100’
Ná cuirtear figiúirí i dtús abairte más féidir sin a sheachaint. Scríobhtar an uimhir amach ina hiomláine nó úsáid seift eile:
Trí bhreitheamh déag a bheidh ar an mór-dhlísheomra.
Ba é 1847 an bhliain ba mheasa.
na huimhreacha pearsanta:
Úsáidtear na huimhreacha pearsanta (ó ‘beirt’ go ‘dháréag’) chun daoine a chomhaireamh
Ceapfar beirt chomhaltaí arna n‑ainmniú ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
Ceapfar 14 chomhalta dhéag roimh an 1 Eanáir 2021.