10.2.1. Focail Laidine
Is i gcló iodálach a scríobhtar focail/frásaí Laidine i dtéacs Gaeilge.
Is é an focal 'ceartúchán' seachas an téarma Laidine 'corrigendum' a úsáidtear i nGaeilge agus ná cuirtear i gcló iodálach é:
| An focal Laidine | An cleachtas i nGaeilge |
|---|---|
| corrigendum | ceartúchán |
Is i gcló iodálach a scríobhtar focail/frásaí Laidine eile nuair a tharlaíonn siad i dtéacs Gaeilge:
| An focal Laidine | An cleachtas i nGaeilge |
|---|---|
| inter alia | inter alia |
| ad hoc | ad hoc. |
| per capita | per capita |